Tuesday, June 30, 2009

Londain na bhFáiltí

Ag fágáil Londain inniu agus gan agam ach dea-chuimhní de mhuintir na cathrach seo. Cé deir go bhfuil Londain neamhphearsanta fuar? Ní mise.
Chuir sé iontas an domhain orm an méid cuidiú agus comhrá cairdiúil a fuair muid ó strainséirí a fhad is a bhí muid anseo. 
Thóg muid na páistí isteach go Westminster ar an Tube inné. Ceann de na laethanta ba theo den bhliain a bhí ann. Chaith muid lá an-phleisiúrtha ann. Rud dúshlánach go leor, trí pháiste óg a thabhairt leat ar an Tube. Chuidigh daoine linn ar na staighre, labhair siad leis na páistí, thug siad suíocháin dúinn, chuir siad comhrá orainn, ofráladh uisce dúinn do na páistí, rug duine nó beirt ar Dan nuair a bhí sé ag dul ró-chóngarach do na doirse, chuidigh siad le Margaret nuair a tháinig longadán uirthi agus an traein ag tosacht. Ní thiocfadh le daoine a bheith ní ba chairdiúla linn.
Níl fhios agam an mbaineann sé le páistí a bheith leat. Creidim go mbaineann. Ba mhinic roimhe seo a thaisteal mé ar an Tube agus níor labhair aon duine liom ariamh. Caithfidh sé go bhfuil rud inteacht faoi pháistí a osclaíonn croíthe daoine. Ní bagairt dóibh iad. 
Ar scor ar bith, go raibh maith agaibh, a phobail Londain, agus go háirithe don bheirt bhan a bhí ina suí linn ar an bhealach ar ais abhaile agus a thug le fios go raibh Cara agus mé féin chomh cosúil lena chéile go n-aithneodh duine ar bith gur iníon liom í. Chuir sibh barr feabhais ar mo lá!

Sunday, June 28, 2009

Aoife agus Peadar

Cathair mhór Londain bainte amach againn. Thug muid cuairt aréir ar chol ceathracha agus ar ár muintir atá ina gcónaí anseo. Tarlaíonn sé go bhfuil col ceathrair agamsa pósta ar dheartháir Suzanne. D'fhán muid leo.
Is iontach mar a shníomhtar teaghlaigh le chéile in áit bheag ar nós oileáin. Níl an pobal chomh mór sin agus tarlaíonn sé go mbíonn cuid mhór idirphósadh ann. Fágann sin páistí s'againne agus páistí Eibhlín agus Tony ina gcol ceathracha, ina gcol seisreacha agus ina gcol ochtracha faoi dhó! (Clann an dearthár agus deirféar, óí, agus fionnóí faoi dhó... más fearr leat!) Rinne mé dearmad a lua roimhe go bhfuil muintearas fola idir mé féin agus mo bhean álainn - fada go leor amach chun go mbeadh muid saor ó cháin phósta, ach tá sé ann cibé ar bith. Bí ag caint ar Hillbillies!
Ar scor ar bith, bhog Eibhlín agus Tony agus a mbeirt pháiste, Eoghan agus Aoife anseo go Londain dhá bhliain déag ó shin. Bhí Eoghan thart fá naoi mbliana d'aois ag an am, ní raibh Aoife ach cúig bliana nó mar sin. Bhí fíorbheagán Béarla ag Aoife nuair a tháinig sí anseo. B'éigean di é a fhoghlaim. Rinne a tuismitheoirí cinneadh nuair a tháinig siad, Béarla a labhairt leis na páistí chun go mbeadh sé níos fusa orthu luí isteach ar shaol na scoile anseo. Chaill siad an Ghaeilge ina ndiaidh sin.
Tarlaíonn sé go bhfuil deartháir eile ag Suzanne ina chónaí anseo, agus bhí mac aige - Peadar - a bhí sa bhád chéanna. Níor labhair sé ach Gaeilge go dtí gur tháinig sé anseo. Ba ghnách leis a bheith ag caoineadh nach raibh na páistí eile ábalta é a thuigbheáil. Labhair a thuismitheoirí Béarla leis ina dhiaidh sin. Níl cuimhne ar bith aige ar an Ghaeilge a bhí aige, ach oiread le hAoife.
Sin beirt pháiste arbh cainteoirí dúchais Gaeilge iad lá den tsaol nach bhfuil ábalta an teanga a labhairt níos mó. Bhí Aoife ag éisteacht le Margaret aréir, agus ní raibh sí ábalta a chreidbheáil gur labhair sí Gaeilge mar sin nuair a bhí sí óg. Dheimhnigh a máthair di, gur sin go díreach mar a bhí sí. 
Cúpla bliain ó shin, nuair nach raibh Aoife ach deich mbliana nó mar sin, bhí sí féin agus a muintir sa bhaile. Bhí seanfhíseán á thaispeáint sa teach acu. Físeán a bhí ann a rinneadh nuair a bhí Aoife ina ghirseach óg ar chomhaois le Margaret, b'fhéidir. Siúd í ag spalpadh Gaeilge, agus Aoife bhocht a bhí ag amharc ar an fhíseán, ní raibh tuigbheáil ar bith aici ar na focail a bhí ag teacht amach as a béal féin. Brónach? Sea! Léargas fosta ar chomh leochailleach is atá cúrsaí teanga! 
Ar scor ar bith, bhí oíche an-mhaith acu le hAoife agus Peadar agus na col ceathracha eile aréir. Neart spraoi agus craic. Bhí siad iontach tuirseach ag dul a luí agus is maith liomsa sin, faighim codladh níos fearr nuair a bhíonn amhlaidh. 
Breithlá Mhargaret a bheidh ann amárach. Níl fhios agam cár imigh na trí bliana sin? Níl fhios agam caidé atá romhainn sna trí bliana atá le teacht, ach bhfuil fhios agat seo, tá mé ag súil go mór leo! 

Thursday, June 25, 2009

Carda Poist II

An dara lá caite i Sasana anois againn. D'fhan muid taobh amuigh de Stratford Upon Avon aréir. Thug muid cuairt ar an bhaile tráthnóna inné agus bhí muid chomh tógtha leis, go ndeachaigh muid ar ais ann maidin inniu. Bíonn cuma chomh maith sin ar achan rud nuair a bhíonn an ghrian ag soilsiú, agus ní haon éisceacht é Stratford. Baile thar a bheith tarraingteach atá ann. Dar ndóigh tá rian Shakspere le feiceáil in achan áit. 
Ar eagla go síleann sibh go bhfuil mé amú le mo chuid litrithe,  tá rud amháin foghlaimithe agam le cúpla lá anuas. Níl ach 6 shampla fágtha againn sa lá atá inniu ann de shíniú Shakspeare, scríofa ina lámh féin. Is cosúil nach raibh sé cinnte é féin cén dóigh lena shloinne a litriú, mar tá sé litrithe 5 bhealach difriúil aige sa 6 shampla atá againn - rud suimiúil: níl SHAKESPEARE (an leagan atá coitianta inniu) scríofa aige in aon cheann de na samplaí!
Ar scor ar bith, bhain na páistí agus a dtuismitheoirí an-sult as an bhaile, taobh amuigh de thicéad páirceála a fuair Daidí a chur drochspion air ar feadh tamaill bhig. Tá mé idir dhá chomhairle maidir len é a íoc. Bhí mé ocht mbomaite mall ag teacht ar ais chuig mo charr, agus ba léir d'aon mhaor tráchta a d'amharc ar an Suzuki pacáilte atá againn gur turasóirí ar bheagán tuigbhéala ar dheasghnátha na tíre iasachta seo, a bhí ionainn. Creidim go mbeidh sé doiligh go leor orthu teacht orm sa bhaile. Tchífidh mé!
Tá muid in Oxford anocht. Thug muid cuairt ar cheantar na hOllscoile tráthnóna. An deas ar fad. Sílim go raibh bronnadh gradam ar siúl i gColáiste Christ Church. Bhí na gúnaí á gcaitheamh ag achan duine agus muid ag dul thar bráid. Ba radharc iontach é. D'inis mé do Suzanne gur ghairid go mbeadh Margaret s'againne ar ais anseo i mbun taighde iar-dhochtúireachta. D'amharc sí orm mar a bheadh adharca ag fás ó bharr mo chloiginn. Síleann sí go gcónaím sna spéarthaí, go mairim i ndomhan na mbrionglóidí go minic - b'fhéidir go bhfuil an ceart aici. Tá bundún uirthi faoi Mhargaret, áfach. Fan go bhfeicfidh sibh!

Wednesday, June 24, 2009

Carda Poist

Tá muid i ndiaidh cúpla lá a chaitheamh sa Bhreatain Bheag. Bhí an aimsir galánta agus fuair muid an deis neart 'tour-áil' a dhéanamh.
I dTuaisceart na Breataine Bige agus sna 'Gleanntaí' is mo a chaith muid an cúpla lá. Tá an tírdhreach iontach anseo, na seirbhísí go seoigh, na daoine cairdiúil agus níor bhain aon tinneas nó timpiste do na páistí go fóill.
Thug muid cuairt ar Snowdon inné, chaith muid tamall ar an trá, thug muid cuairt (ghairid) ar Frongoch - ní mó suim a léirigh na páistí nó mo bheansa ann agus d'ith muid uachtar reoite faoi dhealbh David Llyod George i gCaernarfon.
Is iontach an méid Breatanais ata le cloisteáil á labhairt ag na daoine óga anseo. Páistí óga, déagóirí, daoine sna 20í. Ní bhfaighfeá in Éirinn é! Bhí muid ag ionad súgartha inné. Bhí Margaret agus Dan ag léimnigh thart, agus bhí ceathrar páiste ón Bhreatain Bheag ann fosta. Bhí an ceathrar eile ag spalpadh leo i mBreatanais agus bhí Margaret agus Dan ag caint eatarthu féin i nGaeilge.
Thosaigh ceann de na girseachaí ón Bhreatain Bheag ag labhairt le Margaret. Ní raibh mise nó Margaret bhocht ábalta bun ó barr a dhéanamh dá cuid cainte. Ba mhór an trua é. Rud inteacht faoi 'slide' a bhí a rá aici, sin an t-aon fhocal a thuig mé.
Cibé rud ata ar siúl ag lucht labhartha na Breatanaise, tá ag éirí leo. Tá a dteanga i bhfad níos beo nó mar atá teanga bheag muidne - de réir mar a chonaic mise ar scor ar bith!
Ag dul go Sasana inniu. Aimsir ghalánta tugtha don lá inniu fosta. Tá súil againn cuairt a thabhairt ar Stratford Upon Avon níos moille. Mothaím dáimh éigin le Shakespear... seans gur duine de mo chuid sinsear atá ann... Mac an Bhaird... Bard Avon...... thig liom a bheith ag brionglóidigh.......

Monday, June 22, 2009

Cúpla Rann

Tá mé i ndiaidh teacht ar roinnt mhaith aistriúchán de rannta pháistí. Tá cuid acu in úsáid againn. Tá sé deacair go leor teacht ar rannta i nGaeilge - cuirim cuid acu anseo mar áis do thuismitheoirí eile:

Bualadh Bos, Bualadh Bos
Daidí ag teacht 'na bhaile
Milseáin ina phóca
dá (ainm an pháiste) beag féin.

Bhí feirm bheag ag Dónal Mór
Ee-aye, ee-aye, ó
Is ar an fheirm, bhí cúpla bó
Ee-aye, ee-aye, ó
Le Moo anseo, is moo ansin
Moo moo anseo, is moo ansin
Bhí feirm bheag ag Dónal Mór
Ee-aye, ee-aye, ó!

(thig na hainmhíthe eile a chur isteach ina dhiaidh sin. Go minic cuireann muidne ainmneacha na bpáistí, a gcuid col ceathracha etc isteach fosta.)

Rann na hAibitire:

ABCDEFGHIJKLNMOPQRSTUVWXY agus Z
Anois tá fhios agam mo ABC
thig leat teacht amach ag spraoi!

Mise is tusa is ruball na muice
is Bacach Shíol Aindí Ó!
Bacach Shíol Aindí Ó
Bacach Shíol Aindí Ó.
Mise is tusa is ruball na muice
is Bacach Shíol Aindí Ó!

(Ní aistriúchán é an ceann deireanach. Ceann a bhí againn sa bhaile atá ann. Níl a fhios agam faoi Dhia cérbh é Bacach Shíol Aindí Ó!)

Cuirfidh mé tuilleadh anseo ar ball!

Saturday, June 20, 2009

Comhrá na hOíche Aréir

Bhí an-oíche chomhrá agam aréir, a bhuíochas do MhiseAine agus an cheist a d'fhág sí anseo cúpla lá ó shin. Bhí mé istigh sa bhaile agus tharraing mé an comhrá ar an chóiriú coirp. Rud a chonaic mé déanta i m'óige ach nach raibh feicithe agam le cúig bliana déag nó mar sin.
Mar fhreagra ar do cheist, a MhiseAine, tá sé ar siúl go fóill. De ghnáth tarlaíonn sé nuair a fhaigheann duine bás ar an oileán agus nuair nach mbíonn aon ghá iad a thabhairt amach go tír mór fá choinne scrúdú iarbháis. Má fhaigheann duine bás san oispidéal déantar ansin é. Má roghnaíonn an chlann balsamú, tig an t-adhlacóir isteach. De réir mar a chuala mé aréir, tá sé iontach daor an t-adhlacóir a thabhairt isteach chun an oileáin chun balsamú a dhéanamh ar chorp, agus de ghnáth, is duine den teaghlach a ghlanann é, a dhruideann na poill ar an chorp, a ghléasann agus a chóiríonn é. Mórán mar a bhí leagtha amach Thall is Abhus.
De ghnáth, tógtar an t-adhlacóir isteach chun an corp a thabhairt chuig teach an phobail - bíodh obair a bheith deanta aige ar an chorp nó nach mbíodh. I gcás drochaimsire, taracóir agus cairt a úsáidtear.
Chaith muid uair ag plé nósanna fáire agus tórraimh. Cleasanna a imríodh, pisreoga agus araile. Go raibh maith agat as do cheist, a MhiseAine, chuir sé go mór le mo oíche.

Rud amháin a rith liom sula ndeachaigh mé a luí. Nuair a bhíonn faire nó tórramh ann, ní bhíonn Suzanne ag iarraidh na páistí a thabhairt linn. Dar léi, tá siad ró-óg. Níl fhios agam an aontaím léi. Sílim féin go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh teagmháil déanta ag páistí leis an taobh sin den tsaol.
Bhí cara agam i mBaile Atha Cliath nach bhfaca corp go dtí go raibh sé 30 bliana d'aois. Tháinig sé liom chuig faire uair amháin agus ní raibh a fhios aige cén rud a ba chóir dó a dheanamh. Ní raibh fhios aige cad a ba chóir dó a rá le muintir an duine mhairbh, nó cén dóigh len é féin a iompar sa teach. Shíl mé go raibh sin brónach.
Is dócha go bhfuil na páistí giota beag ró-óg go fóill, Níl fhios agam cad é an t-am ceart len iad a chur ar an eolas faoin bhás agus an taobh sin den saol atá romhainn uilig?

Friday, June 19, 2009

Sruth Teangacha

Cuireann sé iontas orm i gcónaí chomh díograiseach is atá roinnt daoine. Tá bean ón Fhrainc ina cónaí sa bhaile le cóir a bheith deich mbliana anois. Tá sí pósta ar chara de mo chuid agus tá trí pháiste acu.
Sílimse go bhfuil obair i gceist le dhá theanga a chinntiú do na páistí, ach tá trí theanga in úsáid sa teach sin. Labhraíonn na páistí Gaeilge le Daidí, Fraincis le Mámaí agus ansin tá an Béarla acu fosta. Tá roinnt bheag Gaeilge ag Mámaí agus baineann sí úsáid as an ghiota beag atá aici, níl mórán Fraincise ag mo chara-sa.
Tá sé suimiúil a bheith sa teach leo. Daoine ag athrú ó theanga go teanga de shíor agus ní chuireann sé isteach nó amach ar aon duine acu. Is fíor an rud a deir siad nach ualach ar bith do pháistí é an t-ilteangachas!

Wednesday, June 17, 2009

Na Scoláirí Gaeilge

Beidh na scoláirí Gaeilge ag teacht Dé hAoine. Am mór é in Arainn, comhartha go bhfuil an samhradh tagtha agus go bhfuil an aimsir le briseadh.
Tá buntaistí móra ag baint leis na scoláirí céanna. Cuireann siad fostaíocht ar fáil, tugann siad neart airgid leo, baineann na daoine óga an-sult as na haghaidheanna úra a fheiceáil, tosaíonn na céilithe agus na cluichí agus an chraic. Chaith mise blianta fada ag obair leo agus tuigim an sult agus an tairbhe a bhaineann siad féin as an áit agus an bheocht a chuireann siad ar ais isteach ann.
Tá muid féin ag smaoineamh ar iad a choinneáil i gceann bliain nó dhó nuair a bheas an teach úr réidh againn. Choinnigh máthair Suzanne iad ar feadh 28 bliana agus tá cleachtadh maith aici ar iad a bheith sa teach, tá mise á múineadh le 16 bliana agus tá cleachtadh maith agamsa ar a ndóigheanna. Is é an phríomh-chúis dúinn a bheith ag smaoineamh ar iad a choinneáil, áfach, ná an t-airgead (is oth liom a rá!) Ní thógtar tithe úra go saor na laethanta seo - fiú leis an chúlú i mbarr a réime - agus beidh an t-airgead de dhíth orainn.
Bheadh sé deas iad a bheith sa teach fosta do na páistí, ach tá an baol ann go dtabharfadh siad Béarla isteach chun tí leo. Cé go bhfuil riail na Gaeilge measartha dian sa choláiste, braitheann sé i gcónaí ar an scoláire. Gheobhaidh tú daoine atá fíor-mhaith san iarracht a dhéanann siad, gheobhaidh tú daoine eile atá faillíoch go maith.
Anois, ní duine de na póilíní teanga mé (tá súil agam) agus níl mé ró-thugtha de bheith ag cur riail na Gaeilge i bhfeidhm i mo theach-sa. Tá Gaeilge sa teach againn, níl aon ghá le riail agus tá súil agam nach mbeidh gnóithe léi a choíche. Má tá scoláirí Gaeilge agat sa teach, caithfidh tú an riail a chur i bhfeidhm, agus tá eagla orm faoin éifeacht a bheadh ag sin ar na páistí. An bhfeicfidh siad ar an Ghaeilge mar theanga an 'údarais' agus ar an Bhéarla mar theanga na 'reibiliúnaithe' - rud atá go minic níos tarraingtí do pháisti... go hairithe Dan s'againne!
Ar scor ar bith beidh bliain nó dhó agam chun teacht le straitéis. Idir an dá linn tá súl agam go mbeidh am ar dóigh acu uilig. Tá fhios agam go bhfuil Margaret ag súil le dul chuig na céilithe. Tá sí mór go leor i mbliana le dul suas liomsa nó le mámaí. Abair paidir go mbeidh aimsir mhaith acu!

Tuesday, June 16, 2009

Tá hata ar an charr!

Cheannaigh mé bocsa dín do mo charr inné. Beidh muid ag imeacht go dtí an Bhreatain Bheag agus Sasana ar laethanta saoire an tseachtain seo chugainn agus tá tuilleadh fairsinge de dhíth orainn sa charr.
Nuair a bhailigh mé Margaret agus Dan ón naíolann, agus nuair a chonaic siad é baineadh stad astu. Bhí cineál de eagla ar Mhargaret. "Ar cheannaigh tú carr úr?" a dúirt sí liom. Ní raibh faitíos de chinéal ar bith ar Dan. Léim sé suas agus síos ag síneadh méir ina threo ag scairtigh "Hata, hata, hata!"
Chuir sin mise agus Margaret ag gáire agus rinne muid jóc mór de - "Tá hata ar an charr!" Bhain siad an-sult go deo as. Ar an bhealach chun an bhaile, chum muid amhrán beag fá dtaobh de:
"Tá hata ar an charr
tá hata ar an charr
Hé hó mo dhaidí ó
tá hata ar an charr!" (fonn: the farmer has a wife)

Fá dheireadh an lae inné, bhí seacht véarsa déag againn. "Tá mámaí ina suí....", "Tá Dan ar an slide..." etc etc.
Bhí muid ag caint fá dtaobh de aréir - an dóigh go ndearna Dan ceangal idir an bocsa dín agus hata. Uaireanta tig Margaret amach le habairtí agus deir muid, cár chuala sí é sin? Tá sí ag an phointe anois, go dtig léi na focail atá aici a mhúnlú chun a tola féin agus a ciall féin a dhéanamh tríd iad a chur le chéile ar dhóigheanna difriúla. Níl sí ag brath níos mó ar an rud atá cloiste aici go minic a rá arís chun cibé rud atá uaithi a fháil. Sin atá á dhéanamh ag Dan, cé nach bhfuil seisean i bhfad ina diaidh-sa de réir cosúlachta.
Is dócha go bhfuil téarma éigin ag na saineolaíthe don chéim ag a bhfuil sí, níl fhios agam é, ach tá sé an-suimiúil. Cibé rud é, beidh an bocsa dín ina chuidiú mhór dúinn agus muid ag taisteal fríd an Bhreatain Bheag agus Sasana - cá bhfios, b'fhéidir go mbuailfidh muid isteach chuig Ascot. Do bharúil bhfuil duais acu don hata is fearr ata á chaitheamh ag carr....

Sunday, June 14, 2009

Nuair a bheidh mé trí déag beidh mé mór!

Breithlá Dan a bhí ann inniu. Dhá bhliain d'aois inniu. Tá breithlá Mhargaret ann i gceann coicíse ach beidh muid thar lear ar leathanta saoire nuair a bheas a breithlá ann agus shocraigh muid ar an dá ócáid a cheiliúradh inniu. Tuirsiúil!
Tuirsiúil, ach iontach. Chruinnigh an chlann uilig agus cúpla cara beag le chéile agus bhí cóisir bheag againn. A fhad is a bhí na daoine beaga ag cartadh miodamas isteach iontu, bhí seans ag na daoine móra, labhairt. 
Tá deirfiúr agam atá ina cónaí i nDún Éidean agus deirfiúr eile i mBaile Átha Cliath, ach d'éirigh leo a bheith ann, Graindea agus Nana agus cuid eile den chlann atá ina gcónaí i ngar dúinn, bhí siad ann fosta. Ní minic a thig muid uilig le chéile ag an am chéanna, agus is deas gur tharla sé inniu.
Le cúpla seachtain anuas bhí muid ag caint le Margaret faoi cad is brí le breithlá. Níl fhios agam an dtuigeann sí i gceart go fóill, ach ní raibh as a béal le seachtain nó dhó ach: "Tá mise cóir a bheith trí. Tá mise cóir a bheith mór." Ansin, amannaí eile tig sí amach le "Nuair a bheidh mé trí déag, beidh mé mór!" B'fhéidir go bhfuil sí ag éisteacht linn ag ceol barraíocht.
Cén fáth go mbíonn páistí i gcónaí ag iarraidh a bheith mór? Tá cuimhne agam féin ar an am nuair a bhí mise óg, ní raibh de dhíth orm ach a bheith fásta. Dar liom bheinn ábalta mo rogha rud a dhéanamh nuair a bheinn-se mór. Is dócha go mbeidh an dul amú céanna ar Mhargaret. Nach trua nach dtig leis an tsoineantacht agus an aois a bheith níos cairdiúla lena chéile?
Thug mé le fios anseo tamall beag ó shin go raibh fadhb bheag againn leis an Fhocal Mór. Cibé áit a chuala sí é, bhí Margaret ag gabháil dó cúpla seachtain ó shin - gan ciall dá laghad aici ar chiall an fhocail dar ndóigh. Le tamall anuas bhí mé ag iarraidh leagan níos sábháilte a theagasc do na páistí agus bhí ag éirí liom. Tá Dan ag dul thart le seachtain ag rá "Íosa Mhuire inniu!" Chuala Margaret é ar maidin, agus dúirt sí liom i gcogar, cuma an-dáiríre ar a haghaidh, cloigeann ag sméideadh: "Íosa Mhuire inniu Daidí, ní fuck sake!"
Ó, an tsoineantacht - go maire sí an trí bliana déag, an trí bliana is fiche, an trí scór!

Thursday, June 11, 2009

Dán beag

Seo dán atá idir lámha agam san am i láthair. Tá mé measartha sásta leis, ach is é an deacracht atá agamsa nó go dtagaim ar ais chuig mo chuid dánta arís agus arís eile, ní bhím a choíche sásta leo...

Dán do Mhargaret

Gormbhrat Ghabriel ag síniú sa spéir
bogbholadh sáile mar thúis ar an ghaoth
tá giúsadáin ag lúbadh dá n-ísliú go humhal
roimh an néamhann beag ansiúd ina luí.

Ní raibh ariamh agus ní bheidh a choíche
a leithéid de ghnaoi i ngirseach chaoin,
is atá le feiceáil i ngileacht do shúl
nó i mboladh cumhra do chraicinn mhín.

Deir daoine go bhfuil séimh do shinsir
greannta ar do ghnúis, é ag lonrú geal,
guím níos fearr ná sin fá chéad duit,
a ghile, a bhanríon álainn aoibhiúil.

Is deir siad fosta nach bhfuil i ngáire bheag
do bheola ach ‘folláin sáithe’ – gaoth,
ní thuigeann siad go bhfuil rúin bheaga eadrainn
nach scaoilfear leis an tsaol a choíche.

Ag breathnú ort i do chodladh chiúin a chroí,
braithim gur ag teacht i dtír atá mo bhád,
go bhfuil néalta dubha an bhróin i bhfad uaim,
agus nach séidfear i mo threo-sa go deo iad.

Braithim i mblaisín beoga do phóige
go bhfuil mé ar oilithreacht ar thuras na n-aingeal
tchím parrthas i séideadh eorna do ghruaige
tig brí le mo shaol nuair a bheirim ar do lámh gheal.


* folláin sáithe … an gháire a thig ar pháistí óga, nach fíorgháire í ar chor ar bith, ach a thig de bharr gaoithe. (Nath atá coitianta sa bhaile ach nach bhfuil mé ábalta teacht air i bhfoclóir ar bith.)

Imeacht Ama

Is aisteach an rud é an t-am. Tá amannaí ann nuair a ba mhaith linn é a bheith ag imeacht ar aghaidh go gasta, tá amannaí eile ann nuair a ba mhaith linn é a mhoilliú.
Tá ráite agam roimhe go bhfuil teach á thógáil againn san am i láthair. Dúradh nuair a thosaigh muid ar an obair go mbeadh sé réidh fán am seo, is cosúil anois nach mbeidh sé réidh do dtí deireadh an tsamhraidh ar a luaithe. Tá ár gcuid pleananna
 ceiliúrtha curtha siar againn go dtí Nollaig na bliana seo - ar eagla na heagla. Is fada liom an fanacht.
Ansin, tá amannaí ann gur mhaith liom stad a chur le himeacht an ama. Ba mhaith liom go bhfanfadh na páistí mar atá siad, níor mhiste liom seachtain a dhéanamh d'achan lá, mí d'achan seachtain.
Tá eisceachtaí ann, ar ndóigh. Bhí oíche Mháirt iontach fada. Bhí mámaí as baile agus ní rachadh Dan a chodladh domh. "Amharc ar Barney", "Amharc ar Bob the Builder", "C'uil Mámaí?", "Amharc ar Maggie Bheag", "Mámaí, c'uil mámaí?" - ní fhéadfá é a shásamh. Bhí na páistí eile ina gcodladh ach ní ghéillfeadh sé. Achan uaill léanmhar chaointe uaidh gach uair a chuir mé isteach sa leabaidh é. Bhí sé ag múscailt na bpáistí eile agus b'éigean domh é a thógáil. Sin gasúraí agus a gcuid mámaithe duit. Ní dhéanfadh a dhath é a shásamh ach mámaí. Sa deireadh thit sé thart ag leath i ndiaidh a haon déag. Tráthnóna fada! Ba chuma liom ach mhúscail sé arís ag 5.30 rn agus chaith sé uair iomlán ag caoineadh, ag cuartú a mhámaí. Mhúscail sé achan duine sa teach.
Sea, oíche fhada, ach eisceacht. Faoi sholas na maidne gile (mar atá againn i dTír Chonaill inniu) níor mhaith leat rud ar bith a athrú futhu, níor mhaith leat go bhfaighfeadh an t-am greim crúb orthu. Tá mé críonna go leor, ar an drochuair domh féin, go dtuigim gur feadalaigh in aghaidh na gaoithe atá ann ag iarraidh stop a chur le himeacht ama. Níl a dhath go dtig linn a dhéanamh ach sult a bhaint as agus taifead a choinneáil de chomh fada agus is féidir.
Dá bhfásfadh an teach chomh gasta is atá na páistí, bheadh sé ina chúiteamh beag!

Monday, June 8, 2009

Ag athrú staisiún.

Clár eile ar an teilifís anocht faoi mhí-úsáid pháistí. Dochtúir i gCo Lú an t-am seo. An mise an t-aon duine a bhfuil fonn air siúl amach as an tseomra nuair a thagann cláracha den chinéal seo ar an teilifís? B'fhearr liom a bheith ag déanamh rud ar bith ná a bheith á gcoimhéad.
Ansin, mothaím ciontach nuair nach dtugaim aird orthu, bíonn éinín beag ar mo ghualainn ag cogarnaigh liom, ag rá gur chóir domh aird a thabhairt orthu, gur chóir domh suí fríothu, go bhfuil seirbhís tábhachtach á chur ar fáil dúinn mar phobal, go bhfuil sé tábhachtach go dtiocfadh na scéalta seo chun solais. Agus tá, ach cuireann siad isteach orm. 
Mothaím agus mé á gcoimhéad go bhfuil mé ag éirí níos amhrasaí agus diúltaí mar dhuine, mothaím go bhfuil cibé giota beag den tsoineantacht atá fágtha ionam á scuabadh ar shiúl. Éirím imníoch faoi mo pháistí féin, agus ní maith liom é.
Faoin am seo, tá mé ag súil go géar leis an lá nach mbeidh aon trácht eile a choíche arís ar mhí-úsáid pháistí. Nuair a tháinig  Tuarascáil Ryan amach seachain nó dhó ó shin, dúirt mé liom féin: seo é faoi dheireadh, tá achan rud foscailte, tá na scéalta uilig nochtaithe. Thig linn deileáil leo agus bogadh ar aghaidh.
Ach sin í an cheist, an féidir linn bogadh ar aghaidh. Tá eagla orm go mbeidh na scéalta agus na scanaill seo á bplé againn mar phobal go ceann i bhfad eile. Tuigim dóibh siúd a bhfuil a gcuid saolta scriosta acu ag mí-úsáid. Dá dtarlódh a leithéid domh féin nó do mo pháistí, bheinn ag iarraidh fuil mar éiric, ach caithfidh sé go dtagann am, nuair is féidir linn na drochrudaí inár stair a chur taobh thiar dúinn, foghlaim uathu cinnte, struchtúir a athrú, pionós a ghearradh, cúiteamh a thabhairt... ach bogadh ar aghaidh.
Is é an rud a b'fhearr a thiocfadh linn a dhéanamh mar phobal nó saol sábháilte sona a chruthú dár bpáistí. Tá eagla orm, áfach, gur tír chúramach, amhrasach, airdeallach a bheas in Éirinn na mblianta romhainn. Mothaím go mbeidh cuid mhór den tsaoirse, oscailteacht agus soineantacht a bhí ann nuair a bhí mise óg imithe, agus is mór an trua é sin.
Maith domh é, má thiontaím an staisiún teilifíse an chéad uair eile a thig clár den chinéal ar siúl.

Saturday, June 6, 2009

An tAinm Ceart

Rugadh iníon bheag ag mo chol ceathrair ar an Déardaoin. Girseach bheag ghalánta atá inti. Tá sé i gcónaí suimiúil a bheith ag dul isteach chun na hotharlainne agus babaí úr a fheiceáil. Cé go raibh triúr de mo chuid féin agam le trí bliana anuas, chuir sé iontas orm chomh beag leochailleach is a bhí sí. Déanann tú dearmad chomh gasta sin.
Níl ainm ar bith acu go fóill. Dúirt mo chol ceathrair liom nach bhfuil nóisean dá laghad acu, cén t-ainm a roghnóidh siad. Mar a dúirt sí féin bhí siad ag smaoineamh air le 9 mí, ach fós níl aon cheann aimsithe acu.
Tá ainmneacha tábhachtach. Tá an oiread sin le tabhairt san áireamh agus ainm do phaiste á roghnú agat: Ainm clainne nó ainm úr; ainm traidisiúnta nó ainm faiseanta; ainm gaelach nó ainm gallda; litriú an ainm; ainm a léireofas pearsantacht nó tréith; ainm nach féidir a ghiorriú; ainm nach dtarraingeos magadh ar pháiste la níos faide anonn; ainm a bhfuil míniú ar leith leis; ainm a chuirfeas rud inteacht faoin chreideamh in iúl - Ní lia duine ná tuairim faoi na tosaíochtaí gur féidir a bheith ann nuair a thagann sé chuig páistí a ainmniú.
Nuair a tháinig sé chugainn féin, roghnaigh muid ainmneacha clainne. Chuir sé iontas ar roinnt daoine gur fhág muid na hainmneacha 'Margaret' agus 'Dan' i mBéarla ach gur thug muid an sloinne gaelach 'Mac/Nic a' Bhaird' orthu. Tá daoine ann a athraíonn go 'Máiréad agus Dónal' iad. Ní maith liom sin. Tugadh ainmneacha orthu ar chúiseanna ar leith - cúiseanna nach dtuigeann gach duine. Mothaím go bhful rud éigin a bhaint díofa nuair nach ndeirtear a n-ainmneacha i gceart. Tá tábhacht ag baint le hainmneacha, bíonn níos mó i gceist ná lipéid go díreach.
Sin ráite, tugaim faoi deara go dtugann Margaret 'Maggie' uirthi féin go minic. Níl aon deacracht agam le sin. Thig leis an duine féin a rogha rud a dhéanamh lena ainm, dar liom, ach tá sé fíor-thábhachtach go mbeadh meas ag daoine eile ar cibé rogha a dhéanann úineir an ainm.
De réir mar a théann muid in aois, ceanglaítear níos mó agus níos mó de phearsantacht, stair, saol, éachtaí, saothar, clann agus buanna an duine leis an ainm a iompraíonn sé nó sí. Bíonn muid ag iarraidh ár ndea-ainm a chosaint. Is ionann ionsaí a dhéanamh ar ainm is ionsaí a dhéanamh ar an duine féin.
Go minic caitear ainmneacha thart ar nós cuma liom, déantar giorrúcháin díofa, déantar leasainmneacha díofa, cuirtear as a riocht iad - go breá, más de réir toil an úinéara é, nó má dhéantar é le cion agus grá, ach ní hamhlaidh a bhíonn i gcónaí. Is rud é gur chóir do dhaoine a bheith ag smaoineamh air.
Mar sin, Helen agus Joe, glacaigí bhur gcuid ama ag roghnú ainm don ghirseach bheag ghleoite atá agaibh - is ceann de na rudaí is tábhachtaí a thabharfaidh sibh dithe é!

Friday, June 5, 2009

Capall ag an uisce

Tháinig mé trasna ar sheanfhocal de chinéal inteacht ar maidin. I bhfianise an rud a scríobh mé anseo aréir, shíl mé go raibh sé fóirsteanach. I mBéarla a bhí sé agus sin mar a fhágfas mé é:
"You can lead a horse to water... but how?"

Do bharúil, an mbeadh Gaeilge dheas ar a leithéid?

Le ceartú???

Tá Margaret ag tosacht de mo cheartú. Bhí mé ag caint léi an lá faoi dheireadh agus ag míniú dithe go mbeadh muid ag dul ar an bhád. Thiontaigh sí chugam agus dúirt sí: "Bád, an t-ainm atá air, Daidí." Níl an Tuiseal Tabhartach ar a toil go maith aici go fóill agus shíl sí go raibh botún á dhéanamh agam le 'ar an bHád'. Tharla sé cúpla uair le seachtain nó dhó anuas le focail eile fosta.
Níl iontas orm go mbíonn sí ag gabháil don cheartú, mar is minic a cheartaím féin a cuid cainte. Bíonn fadhb aici corruair leis na forainmneacha réamhfhoclacha, bíonn siad i gceart aici cuid den am ach uaireanta eile bíonn leithéidí: 'Thug sé sin do mise", "Bhí sé le tusa". Ní bhíonn mórán trioblóid leis an cheartú, níl agam le rá ach "Thug sé sin...", tuigeann sí go bhfuil rud contráilte ráite aici agus deir sí láithreach "...domhsa". As siocair go bhfuil taithí aici ar an cheartú agus ar rudaí a bheith ráite i gceart, is dócha go luíonn sé le ciall go mbeadh sí ag iarraidh mise a cheartú fosta.
Bím inmíoch mar sin féin. Níor mhaith liom a bheith a ceartú barraíocht. Tá sé tábhachtach go mbeadh rudaí i gceart, agus go háirithe nuair nach bhfuil an Ghaeilge le cluinstin mórán thart fá Leitir Ceanainn, go mbeadh bealach aici chun ceart na teanga a thabhairt léi.
Is fíor a rá fosta go bhfuil gramadach agus ceart na teanga go mór faoi bhagairt sa Ghaeltacht féin. Tá leithéidí 'Tá sé ag cur fuil' agus 'tá sé gasúr beag maith' cloiste agam. Ag brath ar an chainteoir, tá an ginideach, an tabhartach, an chopail agus na hinscní i mbaol a gcaillte. Dar ndóigh is i measc na n-óg is measa atá an scéal. Tá Gaeilge bhacach den chinéal ag cuid de chol ceathracha na bpáistí. 
Ní maith liom a bheith dá gceartú, mar is iontach an rud iad a bheith sásta Gaeilge a labhairt ar chor ar bith. Dá mothódh siad nach raibh a gcuid Gaeilge maith go leor agus dá mbeinnse ag iarraidh iad a cheartú an t-am uilig, chaillfeadh siad suim inti mar theanga an-ghasta. Tuigim, mar mhúinteoir, go dtig le barraíocht cáinte agus ceartaithe daoine a thiontú i d'éadan, go bhfuil sé tábhachtach a bheith dearfach faoi iarrachtaí páistí agus neamhiontas a dhéanamh de mheancóga corruair.
Bhfuil duine ar bith amuigh ansin a bhfuil taithí acu ar fhadhb den chinéal seo. Fáilte mhór roimh chomhairle nó tuairimí faoin dóigh is fearr chun ceart na Gaeilge a chinntiú gan an iomarca ceartaithe!

Tuesday, June 2, 2009

An Foghlaí Mara

Caithfidh sé go raibh baint inteacht aige leis an aimsir thropaiceach a bhí againn le tamall, gur shíl daoine áirithe gur sa Mhuir Chairib a bhí siad ach bhí ár gcuid foghlaithe mara féin againn sa bhaile inniu. 
Thart fána hocht a chlog ar maidin inniu, ghabh foghlaí seilbh ar bhád farrantóireachta an oileáin agus rinne sé iarracht é a ghoid. Ní raibh mórán céille aige é a thógáil agus solas na maidne ann le dhá uair a chloig roimhe, ach sin scéal eile. Ní raibh sé i bhfad go raibh baicle de mhuintir an oileáin sa tóir air, úinéir an bháid san áireamh. Níorbh fhada go raibh na gardaí ar an láthair, ach ní sula ndearna an foghlaí iarracht an bád a bhí sa tóir air a bhualadh ar lán-luas. Caitheadh duine san uisce agus gortaíodh fear eile.
Tá an foghlaí faoi choinneáil anois agus tá damáiste luach na mílte euro déanta do dhá bhád. Shílfeá go ndéanfadh sé radharc maith i scannán de chuid James Bond agus is cinnte nach bhfuil as béal achan duine in Árainn inniu ach é. Tá taobh eile den scéal gur fiú a lua, áfach, is é sin an damáiste pobail a dhéanann amhláin den chinéal seo.
Tá aithne mhaith agam ar úinéir an bháid, Séamas Ó Baoill nó Séamas Staca Mór, mar a bheireann muidne air. Tá sé ar chomhaois liom féin, d'fhás muid aníos i gcuideachta a chéile. Saighdiúr atá ann atá ag obair ar an tír mór ach atá ina chónaí in Árainn. Chuir sé tús le seirbhís nua farrantóireachta dhá bhliain ó shin chun go mbeadh daoine ábalta a bheith ina gcónaí ar an oileán agus a bheith ag obair ar tír mór. Is airsean atá mo mhacasamháil, a bhfuil sé ar intinn agam bogadh chun an bhaile, ag brath. Cuireann sé seirbhís gasta ar fáil luath ar maidin. Rud nach raibh ar fáil roimhe seo.
Ní hamháin sin, ach bíonn an bád gasta atá aige de dhíth fá choinne éigeandálaí, baineann an Bord Sláinte agus NowDoc úsáid rialta as chun othair a thabhairt amach go tír mór. Cuireann sé seirbhísí ar fáil san oíche agus ag antráthanna eile. 
Anois, beidh na seirbhísí sin curtha ar fionraí go dtí go mbeidh bád s'aige deisithe. Cinnte, clúdóidh an t-árachas a chuid costaisí, ach níl árachas ar bith a dhéanfaidh cúiteamh ar an chaill do mhuintir an oileáin. Is trua nach smaoiníonn siad siúd a bhíonn ag dul do mhaistíneacht den chinéal ar na hiarmhairtí pobail a bhaineann lena gcuid gníomhaíochtaí.


"Réalt na Maidne" - an bád a tógadh!

Costa del Poll a' Mhadaidh!

Díreach i ndiaidh an deireadh seachtaine fada a chaitheamh sa bhaile. Nach iontach an aimsir a bhí againn. Chaith muid inné agus inniu ar an trá, agus tá mé mar a bheadh gliomach ann tráthnóna! C'tuige a mbeaifeá gaibhte le dul go dtí an Spáinn nuair atá an Costa del Poll a' Mhadaidh againn ar leac an dorais...
Agus muid ar an trá inniu, casadh aintín de mo chuid orainn agus thosaigh sí ag gabháil do rann leis na páistí, ceann nach raibh cloiste agam roimhe. Tá dúil agam sna rannta, agus déanaim iarracht iad a chruinniú. Seo mar a bhí sé aici:

"Bhí madadh beag agam darbh ainm dó Aoisín
Tháinig sé liom is mé ag ceannach snaoisín
Bhris sé an bocsa agus dhoirt sé an snaoisín
is sin é an scéal fá mo mhadadh beag Aoisín!"