Thursday, June 23, 2011

Tine na Féile Eoin

Tá an tír ón Phort Nua go Gaoth Dobhair breac le tinte anocht, Oíche Fhéile Eoin. Ní raibh muid féin díomhaoin tráthnóna. Thóg mé féin agus mo ghasúr beag Dan tine chnámh in onóir na féile. Bhí Mamaí agus na girseachaí istigh sa teach ag déanamh réidh fá choinne scoláirí Gaeilge a bheas ag teacht chugainn amárach agus thit sé ormsa agus ar Dan glanadh taobh amuigh. D'fhóir sé go maith dúinn leithscéal na féile a bheith againn le cuid mhór den bhruscair a bhí thart taobh amuigh den teach a bhruith!


An tine lasta taobh amuigh de theach s'againne tráthnóna.

Wednesday, June 15, 2011

An leabhar is a luach!

Tharla mé i siopa leabhar i Leitir Ceanainn an lá faoi dheireadh, mé ag brabhsáil liom gan rud ar bith mór ar m'intinn.
Is maith liom cuairt a thabhairt ar shiopaí leabhar. Caitheamh aimsire ar dóigh atá ann. Is breá liom a bheith ag méarú fríd leabhair den uile chineál. Corruair tagaim abhaile agus beart beag liom, uaireanta eile fágaim agus mo dhá lámh chomh fada lena chéile.
Ar scor ar bith, bhí mé i mbun brabhsála cóngarach don chuntar nuair a chuala mé bean óg ag fiafraí d'fhear an scipéid an raibh leabhair Ghaeilge do pháistí aige. I mBéarla a chuir sí an cheist agus ba i mBéarla a freagraíodh í.
"I'm sorry, we don't. They're too expensive to keep in stock!"
Anois, bhí an fear sásta cibé rud a bhí uaithi a ordú, ach creidim nach raibh a fhios aici go díreach cad a bhí uaithi, go raibh sí ag iarraidh breathnú fríd réimse leabhar éagsúil agus ceann nó dhó a roghnú a d'fhóirfeadh do pháiste s'aici féin.
Chuir mé suim sa chomhrá beag seo. An é i ndáiríre go bhfuil praghas leabhair Ghaeilge ró-ard? Is dócha go bhfuil má tá siad ar na seilfeanna agat ar feadh míonna agus gan aon duine á gceannach.
Tá argóint ann atá cloiste agam go minic gur chóir d'ábhar i nGaeilge a bheith ar ardchaighdéan agus ar chomhchaighdéan lena bhfuil ar fáil i mBéarla agus gur chóir don phraghas a bheith tomhaiste dá réir. Más maith linn go mbeadh meas ag an phobal léitheoireachta ar leabhair Ghaeilge, caithfidh na foilsitheoirí iad féin luach ard a chur orthu.
Ar an lámh eile, seans go gceannófaí níos mó leabhair - leabhair do pháistí ach go háirithe - dá mbeadh siad ar fáil ag phraghas íseal. Déantar sin le leabhair Bhéarla go minic, iad sin atá imithe ón liosta sárdhíola nó atá i gcló le fada.
Níl fhios agam! Níl ann ach go dtéann mo chroí amach don bhean udaí ar mhaith léi an seans a bheith ag a páiste leabhar a léamh as Gaeilge ach nach bhfuair an fhaill sin i mbaile Leitir Ceanainn!

Thursday, June 9, 2011

Colm Cille na Féile


Is ar Naomh Cholm Cille atá mo chuid smaointe anocht. Téann mo chroí amach do Cholm bocht. Níl neach in Éirinn nach gcuimhníonn ar Phádraig ar an 17 Márta, tá go leor againn go fóill a bhfuil meas againn ar Bhríd agus nach ligeann 31 Eanáir/1 Feabhra tharainn gan crosóg a dhéanamh ná bratach a chaitheamh, ach cé a chuimhníonn gur seo, an 9 Meitheamh, Lá Fhéile Cholm Cille?
Duine fíorshuimiúil a bhí i gColm - suimiúil ó thaobh na staire agus ó thaobh na miotaseolaíochta de. Níl aon dabht ann ach go raibh sé ar dhuine de na carachtair ba thábhachtaí i stair na luathChríostaíochta sa tír seo agus sa Bhreatain, polaiteoir a bhí ann fosta, baint aige le polaitíocht na hEaglaise agus leis an pholaitíocht shaolta, bhain scannal lena shaol, díbríodh as an tír é, ba bhall sinsireach de theaghlach ríoga é, bhí cáil na tairngreachta agus míorúiltí air, lean na céadta agus na mílte a shampla... agus níos tábhachtaí ná a dhath ar bith eile, ba Chonallach é! (...an mbeadh an téarma 'Tír Chonaill' intuigthe ag an am inar mhair sé? Roinnt taighde le déanamh agam!)
Ar scor ar bith, bhí suim agam i gColm le tamall maith de bhlianta. Ba mhinic mé ar cuairt i nGartán, an áit a rugadh é. Tá fothraigh a sheantí fós le feiceáil ann, mainistir, cros ard agus ar ndóigh tá clú ar chréafóg Ghartáin, atá inchurtha le créafóg Thoraí ó thaobh chumhachtaí cosanta de. Tá scéalta faoi Cholm Cille i ngach aon chearn den chondae seo, agus creidim féin (cé nach raibh mé díomhaoin go leor ariamh lena gcuntas) go bhfuil níos mó lochanna sa chondae seo a bhfuil an t-ainm 'Loch Colm' orthu ná ainm ar bith eile.
Thug mé cuairt ghairid ar Oileán Í cúpla bliain ó shin agus tá sé go mór i m'intinn cuairt níos faide a thabhairt air am inteacht i rith mhíonna an tsamhraidh seo romhainn. Turas taighde a bheas ann níos mó ná rud ar bith eile, mar tá scéal i m'intinn agus sílim go mbeidh Colm Cille mar dhuine de na carachtair ann. Is doiligh smaoineamh ar charachtar níos suimiúla fá choinne úrscéil - tá féidearthachtaí millteanacha ag baint leis!

Ar scor ar bith, bainigí sult as a bhfuil fágtha den lá. Cé gurb í an Mháthair Naofa Frances Cabrini naomhphatrún na nImirceach, creidim nach ndéanfadh paidir do Naomh Colm dochar ar bith do na mílte Éireannach atá i ndiaidh a gcuid seoltaí a ardú le cúpla bliain anuas. Smaoiním ar an chumha a bhí ar an naomh agus é ag fágáil na tíre é féin:

Mo radharc tar sal sínim
do chlár na ndarach ndighainn;
mor dér mo ruise glais glemhoill
mar feghaim tar mh'ais Erind.

Fuil suil nglais
fechus Erinn tar a hais;
is ní faicfe sí ré a lá
fir Erend naid a mná.

Mo shúile thar sáile sínim
ó cláraí darach mo bháid;
mór na deora ó mo shúil liath
is mé ag amharc ar ais ar Éirinn.

súil liath
a fhéachfas ar ais ar Éirinn;
lena lá ní fheicfidh sí
fir ná mná na hÉireann. (m'aistriúchán bocht gasta féin)


Sunday, June 5, 2011

Briseann an aimsir!

Bhris an aimsir inniu i ndiaidh dúinn sult as bhaint as cúpla lá galánta anseo in Árainn Mhór. Chaith mé féin is na páistí tráthnóna inné ar an chaorán ag cróigeadh móna, cúpla uair a chloig pleisiúrtha cé gur phill na tachráin chun an bhaile agus iad dubh ó bhun go barr ag clábar an phortaigh.
Bhain Margaret bheag gáire as bunadh an tí ar maidin. D'oscail sí an doras le feiceáil cén cineál aimsire a bhí ann - bhí gealltanas tugtha agamsa na páistí a thabhairt chuig cluiche peile dá mbeadh soineann ann.
"Mamaí, tá an aimsir..."
Stad an cailín beag bomaite ag smaoineamh.
"Mamaí, tá drochspion ar an aimsir!"

Ní thiocfadh liom é a chur ar bhealach níos fearr mé féin!